Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “Cuntas Eile fá Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bean iongantach ábalta, agus ní rabh ag a h-athair agus a máthair acht í. Is cosamhail go n-deachaidh an mháthair as a dóigh agus b'eigeán í do chur chun an toighe mhóir. Agus o'n lá a cuireadh ise isteach, ní dhearn an t-athair maith. Chaill sé a shláinte agus fuair sé bás. Annsin d'fhág Eibhlín bhocht an teach agus chuaidh sí a chruinniughadh a codach fríd an tír. Bean iongantach mhúinte a bhí inntí agus ni leigfeadh teach ar bith amach í gan lóistín na h-oidhche a thabhairt díthe. Bhíodh a cuid arán agus a cuid eudaigh léithe féin. Seo paidir a bhíodh aicí nuair a d'fhúigeadh sí an teach.
    "Go gcuiridh Dia mór na Glóire bhur sáith agaibh agus go rabh sé ingach ball de'n teach go h-áirid san chlúdaigh seo go dtigidh mise arais, cibé uair sin". Ní fhacthas Eibhlín san tír seo le fada anois cé aca a fuair sí bás, no nach bhfuair.
    Aodh-na-coise:- Níl fhios ag aon duine cé'n áit arbh as Aodh. Cineál de fhear a bhí ann nach rabh mórán le rádh aige. Bhí cos bheag agus cos mhór air do féin a h-innstear é. Bhíodh sé ag gabháil o thoigh go toigh agus a chuid eudaigh leis istigh i mála a bhí ar a dhruim. Ni chodluigheadh sé istigh i dteach ar bith acht amuigh ins an sgioból nó ins an bhóitheach. Is cosamhail go rabh sé rud beag simplighe. Fuair sé bás thiar ins na Gleanntaidh i dteach na mbocht.
    Tomás-an-aparáin:- Sé an fáth gur tugadh an t-ainm sin air mar go mbíodh a chuid airgid i dtrí sparáin. Ceann fá choinne an airgid ruadh, ceann fá choinne an airgid ghil, agus an treas ceann fá choinne an Choróin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall