Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 273

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 273

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 273
  3. XML “Amhrán”
  4. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán (ar lean)

    Dá bhfeictheá thusa an balann amar a's siar an bóthar

    Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Áit-ainmneacha.
    Páirc Mhicheáil, scailp an churraigh, páirc na cloiche móire, na leathan,, Bun-an-Inbhir, a cut sgalta, móin-fhéir Mhicheáil, páirc na h-aitinne, bárr na páirce, bachta beag An phairc mhór, cró na gcaorach, creag chorr na máinleach, Carraig an bhrócháin, An ailtmhór,An gárradh beagm Cur na leabhar, Cnoc na Naomh, Cloch na gcárnan agus an chloch mhór.
    I. "Scailp an churraigh"= Sé an fáth gur tugadh an t-ainm sin air:- ba ghnáthach leis na curraigh a bhiodh amuigh ag iasgaireacht a theacht isteach ins an áit seo nó ní rabh aon áit eile aca san am le theacht
    "Páirc na cloiche móire: Sé an fáth ar tugadh an t-ainm sin uirthí. Tá cloch an-mhór thíos faoithe agus sin an t-ainm a thug na seanduiní uirthí,
    Sé an fáth ar tugadh "Páirc Mhicheáil" ar an pháirc seo: Tá cuid mór cloch ins an pháirc, tá cloch amhain ann agus thug sí fosgadh do fhear ar feadh oidhche agus lá fado. Tháinig sé aniar as Gaoth Dobhair a chuartú caorach. thainig na daoine beaga air i lár na h-oidhche acht d'fhan sé at fhasgadh na cloiche sin. Micheál ab ainm do'n fhear sin agus sin an t-ainm a tugadh ar an pháirc ó sin amach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.