Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “Amhrán Eile”
  4. XML “Caitlín Trial”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán Eile (ar lean)

    Tiocfaidh an Samhradh agys fásfaid an féar

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    VI Tá ceathrar agus fiche aca ar an bhaile amháin,
    Agus s'í mo bhean fhéin aca an bhean is feárr.
    Ta blas na meala uirthí agus an boladh bréagh,
    Agus is í an Péarla áluinn atá deacair fhágháil.
    Sé an fáth a dtearnadh é seo:- stócach óg a bhí ag iarraidh mná. Acht caidé a rinne sí acht a dhul go h-Albain leis an bhuachaill donn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Caitlín Trial
    I. Tiocfaidh an oidhche agus luighfidh an grian;
    'S thuas ina an chlúdaigh a bheas mise liom fhéin,
    Tiocfaidh mo ghrádh-sa le bánughadh an lae;
    'S béidh mise ag imtheacht imbárach léithe.
    II. Níl mo ghrádh-sa dubh, níl mo ghrádh-sa buidhe;
    Is fiú í a cheannacht le hór a dlaoi,
    Sí an plannda cúl-chruinn í mar a d'órdaigh an rí;
    'S tá an talamh uilig beannuighthe a shiubhlas sí
    III. Is mé an fear meallta atá i ngrádh le bliadhain;
    'S gur b'fheárr liom-sa bean ná a bhfaca mé ariamh,
    'S gur leig mé na sagairt agus na h-easpuig damh siar
    'S go leanfaidh mé go bás thú a Chaitlín Trial.
    IV. Gheall tusa damh-sa, a's gheall tú fá dhó;
    nach ndeánfa mo mhalairt anois nó go deo,
    Ná go bhfacaidh tú fhéin an fear udaí ag ól,
    I gcúl an tom dreasóg agus mug leanna i n-a dhorn
    V. Níl aonach nó margadh dá mbímse ar an t-sráid;
    Nach bhfeicim-sa Cití ag díol a chuid snáth,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chanann
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cathal Ó Canann
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall