Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 256
- XML “Cluichí Eile”
- XML “Cluichí Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar dtús caitheann siad crainn go bhfeicidh siad cé a chaithfeas iad a leanamhaint thart ar na cruachaibh.Cleas an chnaipe.
Sin cleas a bhíos ar siubhal i dtigh faire. Ar dtús gheibh duine cnaipe agus coinnigheann sé a chuid lámh le chéile agus an cnaipe istigh eatorra. Suidheann sgaifte thart agus bíonn an duine a bhfuil an cnaipe aige ag gabhail ó dhuine go duine agus an cnaipe leis. Bíonn dhá bhos gach uile dhuine sínte le taobh a chéile. Bíonn an duine a bhfuil an cnaipe aige ag cur a chuid lámh isteach idir dhá láimh an mhuinntir eile. Sa deireadh fágann sé an cnaipe i lámh duine éiginteacht i ngan fhios do'n mhuinntir eile. Cuireann sé ceist annsin cé aige a bhfuil an cnaipe agus buaileann sé an mhuintir nach mbíonn a fhios acú. Agus an duine a mbíonn an cnaipe aige annsin cuireann sé amach é.(leanann ar an chéad leathanach eile) - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.