Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 253
- XML “Seanchleasannaí”
- XML “Cluichí Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Cluichí EileIs minic a bhíos páistí i n-a suidhe cois na teineadh agus iad ag imirt cluichí. Seo cluiche amhain a bhíos aca: Buaileann duine aca cúpla buille ar dhruim an duine eile agus seo an rann a bhíos sé a rádh ar feadh an ama:-"Crugaide, cragaide, lár mo dhrom-sa agus lár do dhrom-sa a's cé mheud adharc ar bhocaite-boc?" Cuirfidh an duine atá ag bualadh na mbuillí ar dhrom an duine eile suas a chuid méar ag innse cé mheud adharc a bíos ann. Mura mbídh fhios ag an fhios ag an fhear eile annsin é caithfidh sé dul amach as an chluiche."Brian Beo"Bíonn cipín ag duine aca agus bárr lasta air. Bíonn siad ag cur an chipín ó dhuine go duine agus cé bith a leigfeas an solus as béidh an dealán air. Seo an rann a bhíos aca ar feadh an ama:- " Brian beo, Brian marbh, má fhághann Brian beo bás béidh ban dealán ort-sa."
" Ag cur i bhfolach an fhóid"
Chaitheadh dhá dhuine nó níos mo a bheith ins an chluiche seo.(leanann ar an chéad leathanach eile)