Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 247
- XML “Déanamh Ciseán”
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach annsin é, agus bhualadh sé ag soc an fhir eile é. Béarfadh sé sin preab agus d'fuigeadh sé an fhiacal i n-a dhiaidh.
Cleas a buaileadh ar duine sa cheárdcháin.
Bhí sean-duine ag dul abhaile lá indiaidh a bheith ar aonach Ghort-a-Choice agus péire úr bróg leis da n-inghean. Bhí braon beag ólta aige. Chuaidh sé isteach sa ceárdcháin agus caith sé na bróga i mbéal bhocsa na mónadh. Bhí go maith agus ní rabh go -olc. Nuair a fuair an gabha faill ar an tsean-duine thug sé amach ceann de na bróga agus chuir sé sean-bróg de na chuid féin isteach. Nuair a chuaidh an sean-duine chun an bhaile sgaol an inghean amach na bróga go bhfeiceadh sí na bróga. Bhí sí ar an daoraidh nuair a chonnaic sí goidé bhí ann. Chuirt sí ceist ar a hathair an rabh sé astaigh áir ar bith. Dubhairt seisean go rabh sé astoigh ag an ghabhainn. Bhíos aicí annsin gur cleas de na chuid a bhí ann. Chuir an gabha chun an bhaile an bróg an lá thar-na-bhárach.
An t-am a rabh na loclannaigh san tír seo ghnídheadh siad na sléantaí. Gheibheadh siad an t-adhmad agus ghnídheadh siad ceann cruinn a chur air agus chuireadh siad fáinne iarainn air.
Nóra Ní Ghallchobhair, Mún-na-Lórach, Gort an Choirce, Tír-Chonaill.
56bl Aodh Ó allchonbhair, Mún-na-Lórach, Gort-an-Choirce, Tír Chonaill. Geaftaí slatacs a ba choitcheannta. Gníodh siad na gealftaí le slataca an bóigh a mbíodh cléibh déanta acú. Bhíodh na slatacha - Sean-Chéardanna
Geaftaí slatacha a ba choitcheannta. Gníodh siad na gealftaí le slatacha an dóigh a mbíodh cléibh deánta acú. Bhíodh na slatacha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chanann
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ó Canann
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall