Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 239
- XML “Cuntas Eile ar Dhaoine Cáiliúla”
- XML “Rinceoirí Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Rinncéirí Cáileamhla.
Aon uair amháin bhi bean 'na comhnuidhe ag Mám a Chaisil. Eibhlín Sheimísín Colm a b'ainm dí. Bhí sí ar na daoine a b'fhéarr a bhí ins an tír ariamh ag damhsa. Bhí fear eile i gConnachta agus ba h-é a bh'fhéarr ins an chúige sin ariamh ag damhsa. Ní rabh muinntir Chonnachta sásta tabhairt isteach annsin go dtiocfadh le muinntir na h-áite seo iad a bhualadh amach ag damhsa. Aon uair amháin bhí damhsa mór le bheith ag muinntir Chonnachta agus thug an fear sin cuireadh do'n bhean a dhul siar le fágháil amach cé a b'fhéarr. Nuair a thosuigh an damhsa ba ag an fhear a bhí an chéad seans agus ba h-é an cúrsa a d'iarr s e "Beatha an Tinncléire". Thoisigh an bheirt aca a dhamhsa agus nuair a bhí deireadh thart ag an chéad chúrsa bhí an bhuaidh léithe. Bhí an dara seans aicí agus is é an cursa a d'iarr sí a dheánamh "An colamán ar an Ghafta". D'éirigh seisean fosta acht ní rabh sé ábalta a dhul nios fuide. Ní thiocfadh leis an cúrsa a dheánamh ar chor ar bith. Bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)