Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mBeurla. Is é seo an t-ainm agus a seoladh Pádraig Ua h-Arlaí, Séamus Mac Fionnlaigh, Donnchadh Ua Gallchobhair, Ardaidh Bhig, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall. Ba ghnáthach le go leór daoiní imtheacht as an áit go Americá fadó na daoiní a rabh oiread airgid aca agus bhí ábalta an t-aistear a dhíol ní dhéanfadh siad stad ar bith go mbéadh siad i Mericá. Daoiní nach rabh airgead ar bith aca d'fhan siad san bhaile. Na daoiní a d'imthigh an t-am sin níor phill siad ní ba mhó. Níl aibhne nó locha ar bith ar an bhaile agus ní cuimhin le aon duine san áit gur cuireadh ainm na h-áite i n-amhrán acht oiread.
Peadar Ó Briain
Ardaidh Bhig - I ndeire na bliadhna 1868 thárlaidh stoirm mhór ins an cheanntar seo. Am bhaint an arbhair a bhí ann, nó bhí na stucaí ins na páirceannaibh. Ar éirghe do na daoinibh ar maidín ní rabh aon stuca dá gcuid nach rabh ar shiubhal bealach na fairrge nó fríd cuid na muinntire eile. Bhí an féar agus an líon mar an gceudna, acht chun na fairrge is mó a chuaidh siad-san.
Bhí teaghlach amháin ann agus bhí cruach féir astoigh aca, acht nuair a d'éirigh siad ar maidín ní rabh aon ghreim de le fagháil. Bhí tóirneach ar siubhal fosta. Na toighthe fá bhun na gcnoc tháinig an tuile isteach ann. Bhí teach amháin ann agus tháinig an tuile isteach ann; b'éigeann na páistí a chur suas ar sheol a bhí sa t-seomra a bhí ag fear an toighe, an áit a mbíodh sé ag déanamh bainín. Fosgladh an doras cúil annsin agus d'imthigh an tuile síos an gárradh an áit a rabh fánaidh leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Áodh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall