Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Báthadh”
  4. XML “Dóghadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Báitheadh bean thoir i n-aice le Corrán-Binne. Bhí sí naoi dtroighthe naoi n-uaire. Shiubhal sí an fhairrge uilig is cosamhail go rabh sí le fágail annsin agus i n-a diaidh sin baisteadh "Poll a Ghoill" air.

    Cailleadh fear i nInnis Bó Finne, tá fad ó shoin. Bhí sé ag gabháil chun an bhaile agus é ag marcaigheacht ar chapall. Nuair a bhí sé ag gabháil trasna tháinig tonn agus chaith sé anuas ó'n chapall é. Shnámh an capall nó go dtáinig sé isteach ar an oileán. Ní fhuaireadar an fear go cionn fada go leor.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. bá (~292)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    81
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
  2. Bhí lucht faire na gcuan i n-a gcomhnuidhe i Machaire Rabhartaigh. Teach bréagh árd a rabh siad i n-a gcomhnuidhe ann. Nuair a chuala siad iomrádh ar an chogadh a bhí le theacht tháinig long fad leis an chéidh. Bhí a gcuid toighteach fágtha agus gan aon duine ionnta. Annsin tháinig eagla ar na daoine go dtiocfadh Arm na Sasana a chomhnuidhe ann. Tháinig na saighdiúirí agus dhóigh siad an teach mór.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.