School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 190

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 190

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 190
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí gréasaidhe ann aon uair amháin agus fuair a bhean bás. Ní rabh aige acht aon inghean amháin. Máire a b'ainm díthe. Aon lá amháin bhí Máire ag dul thart agus casadh bean uirthi. D'iarr an bhean ar an gheirrseach a dul 'un an bhaile agus a radh le na h'athair ise a phósadh. Dubhairt an bhean go dtabharfadh sí gach rud maith do Mháire agus nach dtabharfhadh sí dá n-inghean féin acht an méid a bhí fágtha de gach rud. D'innis an gheirrseach an rud a h- iarradh uirthi agus pósadh an bheirt. I gcionn tamaill rinne an bhean dearmad dé'n ghealltanas a thug sí do Mháire. Gach lá geibheadh a n-inghean féin gach rud maith agus ní bhfuigheadh Máire acht arán buidhe. Lá amháin cuireadh amach Máire i lár an gheimhridh ag cuartugadh sméar dubh. Tháinig sí fhad le teach beag. Bhí cuid mhór daoine ann. D'iarr siad giota aráin ar Mháire. Thug sí daobhtha an méid a bhí aici. Annsin d'iarr siad uirthí an sneachta do ghlanadh do bhinn an toighe. Rinne sí sin agus fuair sí lán ciseán de smeara dubha faoi'n sneachta. Dubhairt siad léithe annsin go mbeadh saoghal fada seunmar aicí. Nuair a chuaidh an gheirrseach abhaile d'aithin an bhean go rabh Dia ag cuidiú léithe. Chuir sí amach a n-inghean féin lá eile. Chuaidh sise fhad leis an teach cheudna. D'iarr na daoine an rud ceudna uirthí a d'iarr ar an mhnaoi eile. Ní dhéanfhadh sí rud ar bith daobhtha.Dubhairt siad (leobhtha) leithe annsin go bhfuigheadh sí bás tobann agus nach mbeadh pleisiúr ar bith aici i rith a saoghail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Chanann
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Eibhlín Ní Ghaothcháin
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall