Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 185
  3. XML “Scéaltaí Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéaltaí Grinn
    Bhí fear 'na chomhnuidhe i gCorcaigh aon uair amháin agus bhí mac aige nach raibh comhairle ar bith aige air. D'iarr an t-athair aire a bheith ar shiubhal agus saothrughadh do féin. Smaointigh sé go rachadh sé go Americá agus ní raibh aige ach dhá phunta. Chuaidh sé fhad le fear de na seóltóirí agus dubhairt sé gur mhaith leis a ghabháil go Americá. Dubhairt an seóltóir leis a dhul fhad leis an chaiptín agus chuaidh, acht dhiúltuigh an caiptín é. Tháinig sé fhad leis an t-seoltóir arís agus d'innis do gur diúltuighadh é. "Fáigh mála, cnámh, agus buideál," arsa an seoltóir. Rinne an fear an rud a h-iarradh air. Nuair a bhí an long ag an chuan d'fhág an seoltóir an fear istoigh ins an luing an áit nach bhfeicfidhe é. D'imthigh an long
    agus nuair a bhí siad comhair a bheith thall chuaidh an caiptín agus an mhuinntir eile chuig a ndinnéar. Thug an seoltóir leis an fear agus leig sé síos ins an fhairrge é.
    Nuair a bhí siad réidh le na ndinnéar chonnaic an caiptín fear amuigh ins an fhairrge agus d'orduigh sé rópa a
    chaitheadh amach chuige. Caitheadh amach an rópa chuig an fear acht níor bheir sé air. Chuaidh siad amach ansin i
    mbád fá na choinne acht ní rabh sé sásta theacht isteach leo. "Mise an fear nach leigfeadh an caiptín leis anall agus nuair a shnámh mé go dtí seo ní rachaidh mé isteach anois agus nuair a rachaidh mé anonn go Meiriceá náireóchaidh mé an caiptín," arsa an fear. Sa deireadh
    bhréag siad isteach é agus rinne siad a ndícheall leis go rabh siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Géidigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall