School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 322

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 322

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 322
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Anuas as Tír Eoghain a tháinig sé go Rosaibh Thír Conaill. Ní raibh aon bainfhéis ins na Rosaibh nach mbéadh sé aicí.

    (continued from previous page)
    é agus é ag seinim ar an fhidil. bhí cailín ins na Rosaibh a b'ainm díthe Nóra Shéamais Bháin agus bhí sé iongantach maith díthe agus deireadh sé i gcomhnuidhe go mbeadh oidhche mhór aca ar a' bainfhéis an oidhche a bhéithfidhe a pósadh. Is iomdha uair a bheireadh sé leis í ar ghreim treasna na sléibhte 'un bainse agus ise ag déanamh an bhealaigh do.
    Oidhche eile da raibh sé ag seinmim ag bainfhéis tháinig an cailín seo fhad leis agus dubhairt sé, "An tusa atá ann agus an bhfuil iomradh ar bith agat pósadh?" Dubhairt sise go dtáinig fear as an bhaile cheadna 'na as Meiriceá agus gur iarr ise ar a h-athair agus go raibh cuid mhór airgid aige, agus go rabh a h-athair ag iarraidh uirthí é a ghlacadh. Dubhairt an fidileóir leithí gan é a ghlacadh. "Ní hí an mhaoin a bheireas i dtír tú agus na mealltar léithe thú."
    Seachtmhain 'na dhiaidh sin casadh an fidileóir ar Nóra, agus d'iarr sé uirthí é a tabhairt fhad le Dún-Lúitheche agus go rachadh sé go Leitir Ceanainn an lá ar na bhárach no dubhairt sé go raibh an bás aige agus gur mhaith leis a bheith curtha ag na bhean fhéin. Rinne Nóra mar h-iarradh uirthí agus leóga bhí cumhaidh uirthí indiaidh an fhidileóra Chaoich nach bhfeicfeadh sí a choidhche. Phill sí 'na bhaile aríst agus pósadh i
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seosamh Ac Ruaidhrighe
    Gender
    Male
    Address
    Leitir Catha, Co. Dhún na nGall