School: Mín na Mánrach

Location:
Meenamarragh, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne

Filter stories

Back
/ 373 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 256

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Scéal

Bhí Rí ann i bhfad ó shoin agus nuair a bhí sé ag cur suas a chaisleán i nDún na nGall an méid a chuireadh sé suas ins an lá bhéadh sé ar lár ar maidín.

Scéal

Bhí Rí ann i bhfad ó shoin agus nuair a bhí sé ag cur suas a chaisleán i nDún na nGall an méid a chuireadh sé suas ins an lá bhéadh sé ar lár ar maidín. Bhí seisear saor cloiche aige. D’obair sé leis go dtí Aoine. Chuir sé ina chionn go gcuirfeadh sé trí shaor eile a gcuideachta an mhuinntir a bhí aige siocair an Domhnach a bheith ag teacht, nó chonnaiceas dó nach mbainfidhe leis ar an Domhnach. Agus bhí dúil aige go suidhfheadh sé fhéin ‘a choimheadh go mbéadh an mheadhon oidhche thart.
Nuair a scap na saortha cloiche tráthnóna Dia Sathairn d’fhan an rí leis fhéin na ndiaidh ag coimheadh an chaisleáin. Bhí sé tamall ina shuidhe, a aghaidh ar an obair agus a chúl ar an taoibh eile, nuair a thionntaigh sé thart bhí bean ruad ina seasamh ar a chúl agus níor mhothuigh sé ag teacht í.
“A rí Uí Dhomhnaill,” a deir sí “tá tú ag teacht ‘un tosaigh go maith le dó chaisleán,”

(continues on next page)
Collector
Sorcha Ní Fhirghil
Gender
female
Informant
Seán Ó Dubhthaigh
Gender
male
Age
52
Address
Falcarragh, Co. Donegal
Language
Irish