School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 252
- XML “Seán agus Mac Dhomhnaill an Óir”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mise Seán arais ina chruth mar bhí ach caithfidh tusa do Mhac fhéin a thabhairt do na sídheóga”
Ní dheánfadh Mac Domhnaill seo agus nuair a chonnaic an tsean-bhean nach ndeánfadh mharbhuigh sí é le spíce a raibh nimh air agus sin mar cuireadh Mac Domhnaill an Óir ‘un báis.Maighread Ní Chinnéide, Cró Phádraig, Clochán Liath, Tír Chonaill.
Sgéalaidhe: Seán Ó Cinnéide, Cró Phádraig, Clochán Liath. Scéal
“Oidhche amháin bhí an Saghart Óg Ó Domhnaill amuigh ag fear tinn. Ar a bhealach na bhaile dó bhí sé ag marcuigheacht ar chapall dubh.”
Sgéal
Oidhche amháin bhí an Saghart Óg Ó Domhnaill amuigh ag fear tinn. Ar a bhealach na bhaile dó bhí sé ag marcuigheacht ar chapall dubh. Bhí aige le teacht aníos malaidh mhór, ach nuair a bhí sé ag tarraingt ar bharr na malacha ní rachadh an capall ní bh’fuide dó. Léim an saghart anuas dó’n chapall agus d’amharc an raibh an cruth ag imtheacht dó ach ní raibh. Le sin chualaidh sé an glór amuigh i ndíoghadh an bhealaigh mhór d’amharc sé agus chonnaic sé trí aingeal amuigh ins an uisge. Labhair an saghart leobhtha agus d’fhiafruigh dóbhtha goidé a bhí ag cur buadhartha dobhtha.
Dubhairt siad-san go rabh an cailín fastódh a bhí aige ag dul fághail bháis an oidhche sin ar uair an dó-dhéag agus go rabh siad-san ag teacht fá choinne a h-anama, agus arsa siad-san, “is í an urnaigh a dubhairt sí le fada ariamh trí paidreacha(continues on next page)- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Micheál Mac Ailín
- Gender
- Male
- Address
- An tSeanga Mheáin, Co. Donegal