School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 258

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 258

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 258
  3. XML “Ag Déanamh Póitín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ag Déanamh Póitín
    Bhí beirt fhear ann aon uair amháin agus tugadh órdughadh daobhtha a ghabhail a bháirseóracht. h-Iarradh ortha an abhainn a bhí ag gabhail frídh an bhaile a choimhead agus dá bhfuighfidhe greim ar dhuine ar bith ag ruaigeadh na h-abhanna go bhfuigheadh an bheirt acu-san sé seachtmhainí de phríosún.
    Mar sin de chaithfeadh an bheirt fhear a bheith amuigh i mbothán bheag fód a bhí deánta acu fhéin. Oidhche amháin nuair a bhí siad ina suidhe thart ag cómhradh, dubhairt fhear acu nach rabh morán bídh istoigh agus go mbh'fhéidir gur bh'fheárr daobhtha a ghabhail síos go dtí an abhainn agus bradán a mharbhuigheadh. "Maith go leór" arsa an fear eile. Chuaidh siad síos go dtí an abhainn agus mharbhuigh siad bradán.
    Tháinic siad aníos arais agus chuir siad síos teine bhréagh agus rós siad an bradán ar na h-aibhleógaí agus d'ith siad é. Nuair a bhí an bradán ithte acu shuidh siad síos ag cómhradh.
    Le sin fhéin tháinic cnap toite anuas agus ní mó ná go rabh na fir ábalta an bealach a fheiceáilt leis an doras a fhosgladh. "Nach millteanach an séideadh anuas atá ann," arsa fear acu. "Caithfidh sé go bhfuil athrughadh ar an aimsir," arsan fear eile.
    Le sin fhéin líonadh an teach de thoit. "Bó! Bó!"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhómhnaill
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Sorcha Ní Dhómhnaill
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal