School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 219
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean ann uair amháin agus bhí triúr ingneach aicí. Bhí an cailín a ba sine aca ceithre bliadhna déag nuair a fuair a h-athair bás.”
Bhí bean ann uair amháin agus bhí triúr ingneach aicí. Bhí an cailín a ba sine aca ceithre bliadhna déag nuair a fuair a h-athair bás. Bhí an beantreabhach bocht fágtha agus ní rabh aon pighinn aicí. Lá amháin d’iarr an mháthair ar an inghean a ba sine a dhul agus a cuid a saothrughadh díthe fhéin.
D’imthigh an cailín léithe. Shiubhail sí léithe giota fada agus sa deireadh tháinic sí fhad le tobair a rabh madadh ina shuidhe ag n-a taobh. D’fhiafruigh an cailín dó’n mhadadh an rabh a fhios aige áit ar bith a bfuigheadh sí fastódh ann. “Tá a fios,” arsa’n madadh, “tá teach síos ansin agus ní’l ann ach sean-bhean agus gheobhadh tú fastódh ann.”
“Maith go leor,” arsa’n cailín. D’imthigh sí léithe síos agus tháinic an tsean-bhean go dtí an doras, bhí fiacla aicí comh fada le claidheamh agus chuir sí ceist air an chailín an rabh fastódh a dhioghbhail uirthí. Dubhairt an cailín go rabh. An tráthnóna sin d’iarr an tsean-bhean ar an cailín dhul amach agus siothlán. D’iarr an tsean-bhean uirthí a cionn a chíoradh dithe. Dubhairt(continues on next page)- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Eibhlín Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal