School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 213
- XML “An Gearrán Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Gearrán Bán
Bhí baintreabhach ann aon uair amháin agus bhí triúr ingneach aici. Bhí siad uilig ina suidhe ag sníomh lá amháin, nuair a thainic an Gearrán Bán thart agus chuaidh sé a ithe turnapaí. Chuaidh an ingean a ba sine amach agus bhuail sí le maide an phota é.
Ghreamuigh maide an phota do’n Ghearrán Bhán agus ghreamuigh an cailín do mhaide an phóta. D’imthigh an Gearrán Bán leis go dtainic sé fhad le teach an fháthaigh. Thainic fáthach mór amach agus thug sé isteach an cailín.
“Anois” arsa seisean, “ta dha sheomra dheag ins an teach seo” agus shin sé trí eochair dhéag chuicí.
“Glan thusa” arsa seisean, “an dhá sheomra dhéag sin, ach ar do bhás na gaibh síos ‘un an tseomra sin thíos no ma chuireann tú do chos síos ann bainfidh mise an ceann duit tráthnóna.”
D’imthigh an fáthach leis agus chuaidh an cailín a ghlanadh an toighe.
Nuair a bhí an dá sheomra dhéag(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal