School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 315

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 315

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 315
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí triúr gasúr aca. Fuair a máthair bás nuair a bhí siad beag. Bhí na gasraí mór nuair a fuair a n-athair bás.

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí triúr gasúr aca. Fuair a máthair bás nuair a bhí siad beag. Bhí na gasraí mór nuair a fuair a n-athair bás.
    Nuair a bhí a n-athair ar leabaidh an bháis scáirt sé ortha go colbha na leabtha, agus dubhairt leo go raibh airgead agus ór i bhfolach áit eiginnteacht ar an arm agus cibé aca a gcobhadh é go mbéadh a shaidhbhreas aige. Dubhairt an fear a b’óige leis an bheirt eile go rachadh sé suas go bárr cnuic le mála cluimhrighe lá gaoithe móire agus nach leighfeadh sé do aon chluimhreach amháin aca imtheacht. Dubhairt an dara fear go rachadh seiseán agus go luighfeadh sé ar an bhealach mhór agus go leighfeadh sé do ainmhidhe a bheith ag siubhal ina mhullach sul a gcuarteochadh sé an t-ór.
    Dubhairt an tríomhadh fear go luighfeadh seiseán astoigh i sean-teach agus go leighfeadh sé do na deora a bheith ag sileadh anuas air sul a gcuarteochaidh sé an t-ór. Nuair a tháinig siad le chéile dubhairt an fear a b’óige go rachadh seiseán maidin lá ar na bhárach a chuartughadh an óir. Maidín lá ar na bhárach chuaidh sé ar lorg an óir. Acht, nuair a bhí sé seachtmhain ag cuartughadh fuair sé cnap an óir istoigh faoi chrann a bhí ag fás ins an gharraidh agus bhí sé saidhbhir o’n lá sin amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Antoin Ó Gallcobhair
    Gender
    Male
    Age
    78
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal