School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 266

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 266

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 266
  3. XML “Scéal - Pádraig agus Mícheál in Albain”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    arais mar sin. “Ó, tá, arsa seisean “tá sé ag teacht arais fá choinne rud beag airgid agus is feárr duit an t-airgead a thabhairt domh-sa agus bheirfaidh mé chuige anocht é.
    Thug an bhean deich bpunnta do agus d’iarr air é a thabhairt do cinnte, ach i n-áit an t-airgead a thabhairt dó sé an rud a chonbhuigh sé fhéin é agus níor mothuigh aon duine iomrádh ar an fhear nó ar an airgead ní ba mhó.
    Sgéalaidhe: Seán Ó Cinnéide, Cró-Phádraig, Clochán Liath
    Scríbhnóir: Maighread Ní Chinnéide, Cró-Phádraig
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal

    Bhí gasúr ann uair amháin agus ní rabh deirbsiúir nó dearbhrathair aige agus bhí a athair marbh ó bhí seisean ina leanbh, ní rabh aige ach a máthair.

    Sgéal
    Bhí gasúr ann uair amháin agus ní rabh deirbsiúir nó dearbhrathair aige agus bhí a athair marbh ó bhí seisean ina leanbh, ní rabh aige ach a máthair. Bhí an gasúr seo iongantach fallsa agus bhí an bheirt bocht. Maidín amháin d’éirigh siad agus ní rabh aon ghreim aráin nó bídh ins an teach.
    D’iarr an mháthair ar an ghasúr imtheacht “agus,” arsa sise, “b’fhéidir go bfuigfea rud eigin le h-ithe.” D’imthigh an gasúr. Chuaidh sé fiche míle agus sa deireadh chuaidh sé fhad le teach agus thug fear an toighe isteach é agus thug sé béile maith bidh dó. Nuair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Seán Bhreathnach
    Gender
    Male
    Age
    54
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal