School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 279
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear ar na h-Agallaí am amháin ar bh'ainm do Antóin Dubh. Fear neamh-eaglach a bhí ann agus ghníodh sé morán de rudaí nach mbíodh ciall ar bith leo.

    (continued from previous page)
    Cupla lá ina dhiaidh seo, fuair duine muinnteardha de chuid Antóin bás agus chuaidh Antóin 'un an Chlocháin Leith fa choinne cónrach. Nuair a bhí sé ag teacht aniar ag Árd-na-Leice thainic an oidhche air. D'fhág sé síos an chomhnair, bhain an clár díthe, chuaidh isteach inntí agus chodhluigh sé go maidín inntí. Ar maidín an lá thar na bhárach casadh fear ar Antóin agus d'innis sé do fa'n rud a rinne sé. Dubhairt an fear leis nach raibh sé ceart aige a leithéid a dheanamh, agus roime chupla oidhche go mbéadh sé fada go leor ina chodhladh inntí, agus b'fhíor do, an oidhche thar na bhárach fuarthas marbh é i mboitheach an tsaghairt ar an Chlochán Liath.
    Sgéalaidhe: Antóin Breatnach, Áirdmhín, Clochán Liath.
    Sgríobhnóir: Domhnall Breatnach, Áirdmhín, Clochán Liath.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal

    Bhí gasúr ann uair a droch-shaoghail agus bhí sé na chomhnaidhe i gCo Thirconaill. D'éirigh sé aníos ina bhuachaill bhreag ach bhí sé iongantach mór luadhthach.

    Sgéal
    Bhí sin ann agus is fada a bhí, dá mbéinn-se ann an uair sin ní bhéinn ann anois; dá mbéinn bodhar ní chluinfinn é, agus dá mbéinn baladh ní chumfainn é. Bhí gasúr ann uair a droch-shaoghail agus bhí sé na chomhnaidhe i gCo Thirconaill. D'éirigh sé aníos ina bhuachaill bhreag ach bhí sé iongantach mór luadhthach. Bhí teach pobail beag comhgarach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Dhubhgáin
    Gender
    Female
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ó Domhnaill
    Gender
    Male