School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 344
- XML “Scéal Loch Finne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)de chlochaibh agus snámh sí treasna na locha go raibh sí thall ar an taoibh dheis. Ní luaithe thall í nó shaoil sí gur ar an taoibh eile a bhí na sgairtigh agus ní dhearn sí ach tuilleadh cloch a chur sa naprún agus shnámh go dtí'n taobh thuaidh. Caidé bhí ach macalla agus nuair a bhí sí ar thaoibh amháin shaoil sí go raibh an dearbhráthair ar an taoibh eile. Bhí sí ag snámh anonn agus anall agus an meádhchon mór cloch léithe gur báitheadh í sa deireadh ar an taoibh thuaidh.Nuair a tháinig an chuid eile de na Fainnaibh fhad leis an Fhear Ghamhain bhí sé marbh agus an torc marbh taobh leis. Cuireadh Finngheal ar thaobh na locha go díreach ag an áit a báitheadh í agus(continues on next page)
- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female