School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 343
- XML “Scéal Loch Finne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)choin eile agus gur chuir sé carn cloch os a gcionn. Isteach leis annsin treasna na hAchla agus anuas a taoibh agus loch mhór faoi ,ceann nach bhfacaidh sé ariamh roimhe sin. Sheasuigh sé go bhfeicfeadh sé toit nó teine nó comhartha eighinnteacht cá raibh an chuid eile agus char mhothuigh go raibh an torc mór chomhair a bheith ar a mhullach. Thoisigh an troid eatorra agus bhí an torc ar na daorthaibh nó chualaidh sé sgréachach na cráine nuair a bhí na madaidh ag troid leithe. Nuair a bhí sé 'fághail an lámh in uachtar ar an Fhear Ghamhain thoisigh seisean ag sgairtigh ar dhuine eighinnteacht tárrthail a dhéanamh air. 'Sa deireadh siar thall chualaidh a dheirbhshiúr Finngheal na sgairteacha.
Thug sí léithe lán a naprúin(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female