School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 341
- XML “Scéal Loch Finne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ba bhréagh an chú í. Loinnseach ba hainm di ach níor bhfiú dadai í le taoibh na cráine. Mharbhuigh sí an chú agus tugadh Srath Loinnsighe ó shoin ar an áit a marbhadh í.
Ní raibh sí ach réidh le Loinnseach nuair a tháinig an darna cú ar amharc agus thoisigh an tóir úr nua. Giota maith siar dheas ón áit a thuit Loinnseach thionntuigh sí ar an darna coin. Ba bhréagh an cú í An Grádhchú a b'ainm dí ach indiaidh troda fhíochmhaigh a dhéanamh mharbhuigh sí an chú bhocht. Tugadh An Gradhchú ó shoin ar an áit sin. Bhí an tríomhadh cú anois chóír a bheith aca agus theith an chráin arís o dheas agus nuair a bhí sí ag éirigh sáruighthe thionntuigh sí agus thug aghaidh ar an choin seo.Ionnfath b'ainm di seo agus rinne sise an troid a ba chrogaighe de'n iomlán nó bhí an sean chráin 'na péicibh deireannacha aici nuair a tháinig an Fear Ghamhain fhad leo agus mharbhuigh(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female