Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 321

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 321

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 321
  3. XML “Ag Déanamh Ciseán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ar dtús gheibheann an duine atá ag gábhail gnidheann sé an dá ceann de tanaidhe. Annsin cuireann sé an dá ceann le céile le tairgní agus bíonn sé lubhtha cosamhail le fáinne mór. Annsin gheibheann sé slatacha eile agus bainneann sé an croiceann daobhtha. Annsin cuireann sé ceann de na slatacha isteach sa fáinne. Annsin cuireann sé isteach ceann eile giota beag uaidh. Cuireann sé tuairim seisear de na h-easnacha seo isteach uilig. Tá sé réidh annsin leis na slatacha a chur thart ortha. Annsin casann sé slat thart idir na slatacha atá istigh sa fáine. Nuair a bhíos an slat sin casta aige chuireann sé isteach ceann eile agus casann sé é mar a gcéadna. Bíonn sé ag casadh agus ag casadh go mbíonn an bascáid deánta aige. Annsin cóirigheann sé suas é agus bíonn sé réidh annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. ciseadóireacht (~471)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ua
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall