Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 184

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 184

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 184
  3. XML “An Cailín Falsa - Scéal Greannmhar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ag tiomáint dhá bheathdhach lá amháin agus ceann acu comh fallsa a's na shiubhailfeadh sé ar chorr ar bith ach a bé pionnainn coirce bheith ar cheairrt agus an ceairrt bheith roimis. Casadg fear air a rabh triúr inghean aige agus d'fhiafruigh an fear dé an fáth a raibh an pionainn coirce ar an cheairrt aige. D'innis sé dó gurb ag baint obair as an bheathdhach dheiridh a bhí sé mar nach siubhailfeadh sé ar chor ar bith ach abé pionainn coirce bheith ar an chairrt roimis.
    D'innis an fear dó annsin go rabh inghean aige-san agus nár b'fhéidir dó obair ar bith a bhaint aistí agus dubhairt sé leis dá bpósfadh seisean í go bhféadfadh sé obair a bhaint aistí agus go dtabhairfeadh seisean neart saidhbhris dó dá bpósfadh sé í. Rinne sé suas a chomhairle pósadh. An lá a bhí sé ag tabhairt an cailín abhaile thug sé sean-chú agus sean-chapall agus gunna leis. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar an teach d'iarr sé ar an chú rud éiginnteacht a dhéanamh ach ní dhéanfadh an cú é. Tharraing sé amach a ghunna a bhí faoi na chóta agus scaoil sé í. Tháinic an cailín amach go dtí an doras. "Cén fáth a dtearn tú sin," arsa sise. Gnídhim sin leis an uile rud nach ndéanann cibé rud a iarras mise air" arsa seisean. D'imthigh siad leo abhaile. Nuair a bhí siad giota
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0901: Taming of the Shrew
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall