Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Micheál i gCill Cartha am amhain. Bhí iomradh ar go rabh sé eagnaidhe. Nuair a rugadh páiste ins an am sin bá ghnathach féasta féasta a bheith ag na daoine. Theigheadh Micheal Ua Chordáin chuig na féasta seo agus bhfearr leis na daoiní gan a theacht. Rinne siad casaoid den stagart fá dtaobh de.
Lá amhain nuair a bhí Micheal ag siubhal an bhothar fuair an sagart suas leis. Diarr an sagart ar Mhicheal cá h-áit a rabh sé ag dul agus dubhairt Micheal go rabh sé ag dul amach chuig an Chruaich bheag chuig baisteadh a bhí annsin. Dfhiafruigh an sagart de an dtiocfadh leis baisteadh tuata a dheanamh agus dubhairt Micheal go dtiocfadh. Casadh ortha ar thaobh an bhealaigh mhóir sean bhearad a bhí déanta de olann. Diarr an sagart ar Mhiceal baisteadh tuata a dheanamh ar an sean h-ata. Dubhairt Micheal:-
“Baistim thú gan ceann gan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seamus Mac Aodha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall