Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 284
- XML “Seanamhráin - Clann Mholly”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Clann ‘Mholly’.
(I)
D’Éirigh Clann Mholly amach ar na h-árdáin,
Chonnaic siad teach beag deánta san chlábhair,
d’Éirigh fear acu suas in áirde.
Agus labhair sé le Condí shíos ins an phárlas agus ‘Ran - dan’.
(II)
Bhí Nioclas faoi’n leabaidh cuartughadh a chuid bróg.
Sgairt sé le Máire gan an teallach leigean leobhtha,
Bhreis siad a póta ‘s ní áirighim a stópa
Agus leig siad an t-asal amach fríd an eorna agus Ran - Dan.
(III)
Nuair a connaic Coundí an fear an fear bhí n-áirde,
Sgairt sé síos “A Máire na Sgánruigh”.
“Seadh” arsa Mháire “agus fuair mise ‘n t-adhbhair,”
“Ar n-dóige arsa Mholly gheobhaidh mise sásamh agus Ran - Dan.
(IV)
Mínigh sín bhradán mharbhuigh síad an oidhche sin,
go h-aidhbéil bruic gheala agus eascoin dá réir sin,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlin Bean Mhic Giolla Cathail
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Mucros, Co. Dhún na nGall