Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 241
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Paidreacha (ar lean).
1. Deirtear an paidir seo ag am luighe:-
Paidir agus Abhé Máire le muid bás Críostaidhe a fághail Umhal Ola Sagairt a fhághail ar uair ar mbáis agus deágh chríoch ó uair ar mbaistidh go dtí uair ar mbáis. Breitheamhnas fabhrach agus Trócaire Dé go bhfuigidh muid a lá deireannach.Deirtear na paidreacha seo indhiaidh an Phaidrín Páirteach gach oidhche.
1. Paidir agus abhé Máire le cuidiughadh agus congnamh linn, ar mhuir agus ar tír agus ar achan bealach a rachas muid, gach geíbhínn agus gach gcruaidh - chás is mó a bhéas muid ann. Fuasgladh agus fiortach dúinn, cabhair agus tárrthail muid mas é sin dó thoil; A Thighearna agus a shlánuightheóir tá mé míle buidheach duit ar son dó thiodhlacaidhe agus na grásta a thug tú dúinn go spéisialta ó’n oidhche ‘nocht go dtí solas a’ lae imbáraigh ins na grástaí is mó agus ins na peacaidh is lugha.
2. Paidir agus ábhé Máire amháin duthrachtach i gcuimhne na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Aodha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Mucros, Co. Dhún na nGall