Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Scéal fá Bhás Chnapastúin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bás Chnapastúin.
    Ins an t-sean am bhí sidheog ina chomhnuidhe thíos i Mucros ar a dtugtaoi Cnapastún air.
    Bhí a mhac i n-aoinfheacht leis. Bhí lios acu ar Malaidh na Bruighne, áit atá suidhte taobh thios – dheas de Tráigh Lobhar.
    Ag an am sin fosta bhí sidheog eile ina chomhnuidhe ar bhruach na fairrge os cionn Tráigh Bháin ar a dtugtaoi Brún Rhuadh air. Bhí Cnapastún agus Brún Ruadh án mhór le na chéile. Aon lá amhain bhí Cnapastún agus a mhac agus Brún Ruadh amuigh i mbarc. Chuaidh siad síar faoi’n Ruadhlach, agus ag áit ar a dtugtaoi ‘Spine Bhuidhe’ air bhuail an bháid inaghaidh charraic agus briseadh é. Báitheadh mac Cnapastúin san áit sin agus mar deir an sean fhocal.
    “Ar fheol mic Cnapastúin. Bíonn na seádain i gcomhnuidhe reamhar”.
    Ag an am sin téigheadh sídheogaí Mhucrois go minic síar go Connachta le cath a chur ar sidheogaí Connachta. Théigheadh Brún Ruadh síar fosta ag cuiduighadh le Cnapastún. Ach sa deireadh d’éirigh sé tuirseach de. Am amhain bhí cath mór le bheith idir sidheogaí Connachta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Bheirn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    88
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall