Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 2. A Shean Bhean Bhocht.
(I)
An rabh tú ar a mhargadh,
A shean bhean bhocht.
An bhfaca tú, as an gcuala tú,
A shean bhean bhocht.
Chonnaic mé ar a’ mhargadh í,
‘S í ag cunntas a cuid airgid,
Buachall beag an chúige ag siubhal le na cois.
II
Is truaigh gan tú san mhuileann agam,
A shean bhean bhocht.
Is truaigh gan tú san mhuileann agam,
A shean bhean bhocht.
Is truaigh gan tú san mhuileann agam,
A’s do cúl le sac na mine,
A’s nach deas an ‘Dusty Miller’ a dheánfadh
Shean bhean bhocht.
III
Is truaigh gan tú san bhád agam,
A shean bhean bhocht.
Is truaigh gan tú san bhád agam,
A shean bhean bhocht.
Is truaigh gan tú san bád agam,
A’s do dhá cos suas ináirde’
Is nach deas na maidí rámha,
A dheánfadh sean bhean bhocht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Aodha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Mucros, Co. Dhún na nGall