Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Arán.
    Bocstaí agus arán préataí a bhíodh aca fad o shoin.
    Arán Preathaí.
    Nuair a bíodh na daoine ag deánamh arán préataí fad o shoin gheibheadh siad cupla préata bruithte agus baineadh siad an croiceann daobhtha. Annsin ghearradh siad an biadh atá taobh istigh d’en croiceann isteach i mbaisín agus cuireadh siad plúr isteach ann fosta agus mheasgadh siad a dá rud le chéile. Annsin nuair a bhíodh sé réidh cuireadh siad isteach i n-oidhean é. D’gágadh siad annsin é go mbíodh sé bruithte. Annsin bhaineadh siad amach é agus d’fágadh siad annsin é go n-itheadh siad é.
    II
    Bocstaí
    Ar dtús gheibheadh siad báisín agus meilteór agus gráinín préataí móra. Bhaineadh siad an cnoiceann de na préataí agus annsin tosuigeadh siad a meilt leis an mheilteór. Nuair a bhíodh na préataí uilig meilte aca gheibheadh siad éadach bán agus cuireadh siad cuid d’en stuf isteach san éadach agus bhrúigheadh siad an t-uisge asta. Annsin gnídheadh siad cáca de agus cuireadh siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní hAsgáin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall