Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 252
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lucht Siubhail.
Tigeann lucht – siubhail go dtí teach sughainne o am go h-am. Tigeann dream amhain uair éiginteacht agus bhfheidir nach dtiocfadh siad-san go ceann bliadhna eile. Ní h-iad na dreamannaí céadna a thigeas i gcomhnaidhe. Seo iad na na daoine a thigeas :- Muinntir Uí Fríghil : comhnuigheann siad in Inbhear, Thir Chonaill.
Muinntir Uí Ceallaigh :- Seán, Maitiú, Micheal. comhnuigheann siad fríd an conndae.
Muinntir Uí Ruairce :- Comhnuigheann siad i nDug an Éile.
Muinntir Uí Dochartaigh :- Comhnuigheann siad i n-Árd na Ratha.
Seamús A t-Siúcra
Paidí na Pighne.
Pádruig an Athchoire :- Comhnaigheadh sé in Athcoire, Teidhleann
Ned Ua Ceinnide :- in Árd na Ratha.Díolann siad :- bioráin, brait urláir tíorthai, snathadái, barr – iallacha, stúcai, eadaigh – aprún éadaigh – clár, páidríní, pioctúirí, sgabal.
Ceannuighthear na h-earraidhe uatha
Ceannuigheann siad na h-earraidhe ins an t-supa. Earraidhe ar bith is féidír leobhtha a dheánamh gnidheann siad fhéin iad. Gheibh siad an adhbhar ins na síopaí go saor.
Sa t-sean am bhíodh málá bán aca agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Cathail
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Goirt Sháile, Co. Dhún na nGall