Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na h-Aicideacha Leaghasanna
(1) An Déideadh Trí dealga a tharraingt as gráinnéog fhéir leis an fiacail tinn. Nó sgreadh a bhaint as frog leis an fhiacail tinn.
(2) An Bruithtineach Anbhruith neantógaí a ól.
(3) An Triuch Bainne asail a ól.
(4) An Buidheachán Bainne asail a ól.
(5) Pianta na gCnámh Sáile a ól.
(6) neaschoid Slán – lus bruithte a chur leis mar ceithrín.
(7) Bonn – Bhualadh Praistéal a chur leis.
(8) Leanadh An cos léonta a tharraingt agus a rádh.
“An léonadh é seo?” agus freagrann an duine a bhfuil an léonadh air : “Ní h-eadh ach gortughadh”. Fiafruigheann an duine eile. “An gortughadh é seo?” agus deireann an duine eile : “Ní h-eadh ach léonadh”. Fiafruigheann an céad duine annsin : “An léonadh é seo”, agus deireann seisean. Ní h-eadh ach gortughadh. Fiafruigeann an céad duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Aodha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Mucros, Co. Dhún na nGall