Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 247
- XML “Ortha an Scabaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Órtha A’ Sgabaill.
Deireadh an sagart an phaidir seo nuair a bhíodh sé ag beannughadh sgabaill.
An gcluin tú mé a lucht na sgabaill na bhígidh failligheach ann mhur gcás. Is mairg a bheadh gan caraidh as mé in mo luighe ar leabaidh an bháis. A dhuine bhoicht gan céill na deán bréag le Mhuire Na h-ith feól Céadaoimhe agus ná héagchaoin do thinneas. Umhluigh don Cléir agus dó na cúig féilte Muire. Glac Cumaoineacha dílse Dé agus béidh tú ar féasta gcros na n-aingeal. Bhí Muire agus an mac ag siubhal amuigh sa lá agus casadh dóbhtha pearsa de dhuine naomhtha sa ród. Sgaball bhréagh de na bhrainnse óir. Níl aon duine a chaithfeas mo chulaith mar is coir nach mbéidh séala ar a anam ins an ghlór. A Maighdeán mhortamhail, glormhar, beannuighthe, is tú mo lón, no stór, a’s mo thaisgidh : is tú an réalt eólais a bíonns romham ar an bhealach ag deánamh domhsa an t-eólas nuair a bhíos an tór ar an pheacach.
A Bhánríoghan na bflaithis, as a Athar na Trócaire is leat a ghnídhim mo chasaoid ar maidhín as tráthnóna: Mo shabháil ar na peacaidh agus mo chur ar an eólas go pobal na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brigid Ní Bheirn
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Rualach, Co. Dhún na nGall