Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 84B
- XML “An Chiaróg, an Dardaol agus an Ciarlamán”
- XML “Uan Dé agus Uan na Girsí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fearg mhór air leis an bheirt eile a bhí ag cuidiughadh leis na spídeóirí.
Ó'n lá sin go dtí an lá indiu, cuireann na daoine ruaig ar an dárdaol agus a gcosa ar an chíaróig, acht ní bhaineann duine ar bith leis an chíarlamán bhocht dá bhrígh go raibh truaigh aige d'ár Slánuightheóir, nuair a bhí Sé ar A shéachnadh, agus na h-Iúdaigh ar tóruigheacht in-A dhiaidh. - Lá brochallach ‘san t-samhradh, nuair a bhí Íosap ag eirigh sean. agus é lag, meaithte, d’iarr sé ar ar Slánuigtheóir’teacht leis le crann a chean. Rinne siad an margad, agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile leis an chrann thainic siad fríd páirc in a raibh girrseach ag imirt le h-uan. Labhair ar dóigearna go carthannach leis an pháisde, acht thuit an chrann go tobann de A ghualainn; thainic sé ar an uan agus marbhadh é.
Thoisig an cailín beag ag caoineadh fa’n uan, agus thainic a máthair ann agus thug sí masla do Íosa. Labhair ár slánuightheóir leithe, agus thóg sí an t-uan ón talamh. D’eirigh an t-uan beó arais agus thoisigh sé ag deanamh súgraidh – ag léimnigh thart fa’n áit in a raibh siad.
Chuaidh Íosa agus Íosap ar A mbealach ‘na bhaile – agus rith an ama, bhí ar Dtíghearna ag meabhrugadh ar A pháis a bhí indán dó, nuair a bheadh sé dul n’ A bhI mar rachadh an t-uan ‘s air an bhúisteóir. Nuair a mhothuigh sé meadhachán an chrainn ar A Ghualainn Naomhtha, smaoitigh sé ar ualach na Croise agus truime ar gcuid bpeacadh a bheadh dhá bhrúghad síos go talamh nuair a béadh sé ag tríall ar Íodhbhairt dheireannach an Chnuic Cálbhaire.