School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 84B

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 84B

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 84B
  3. XML “An Chiaróg, an Dardaol agus an Ciarlamán”
  4. XML “Uan Dé agus Uan na Girsí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fearg mhór air leis an bheirt eile a bhí ag cuidiughadh leis na spídeóirí.
    Ó'n lá sin go dtí an lá indiu, cuireann na daoine ruaig ar an dárdaol agus a gcosa ar an chíaróig, acht ní bhaineann duine ar bith leis an chíarlamán bhocht dá bhrígh go raibh truaigh aige d'ár Slánuightheóir, nuair a bhí Sé ar A shéachnadh, agus na h-Iúdaigh ar tóruigheacht in-A dhiaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Lá brochallach ‘san t-samhradh, nuair a bhí Íosap ag eirigh sean. agus é lag, meaithte, d’iarr sé ar ar Slánuigtheóir’teacht leis le crann a chean. Rinne siad an margad, agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile leis an chrann thainic siad fríd páirc in a raibh girrseach ag imirt le h-uan. Labhair ar dóigearna go carthannach leis an pháisde, acht thuit an chrann go tobann de A ghualainn; thainic sé ar an uan agus marbhadh é.
    Thoisig an cailín beag ag caoineadh fa’n uan, agus thainic a máthair ann agus thug sí masla do Íosa. Labhair ár slánuightheóir leithe, agus thóg sí an t-uan ón talamh. D’eirigh an t-uan beó arais agus thoisigh sé ag deanamh súgraidh – ag léimnigh thart fa’n áit in a raibh siad.
    Chuaidh Íosa agus Íosap ar A mbealach ‘na bhaile – agus rith an ama, bhí ar Dtíghearna ag meabhrugadh ar A pháis a bhí indán dó, nuair a bheadh sé dul n’ A bhI mar rachadh an t-uan ‘s air an bhúisteóir. Nuair a mhothuigh sé meadhachán an chrainn ar A Ghualainn Naomhtha, smaoitigh sé ar ualach na Croise agus truime ar gcuid bpeacadh a bheadh dhá bhrúghad síos go talamh nuair a béadh sé ag tríall ar Íodhbhairt dheireannach an Chnuic Cálbhaire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish