Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 84B

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 84B

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 84B
  3. XML “An Chiaróg, an Dardaol agus an Ciarlamán”
  4. XML “Uan Dé agus Uan na Girsí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Lá brochallach ‘san t-samhradh, nuair a bhí Íosap ag eirigh sean. agus é lag, meaithte, d’iarr sé ar ar Slánuigtheóir’teacht leis le crann a chean. Rinne siad an margad, agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile leis an chrann thainic siad fríd páirc in a raibh girrseach ag imirt le h-uan. Labhair ar dóigearna go carthannach leis an pháisde, acht thuit an chrann go tobann de A ghualainn; thainic sé ar an uan agus marbhadh é.
    Thoisig an cailín beag ag caoineadh fa’n uan, agus thainic a máthair ann agus thug sí masla do Íosa. Labhair ár slánuightheóir leithe, agus thóg sí an t-uan ón talamh. D’eirigh an t-uan beó arais agus thoisigh sé ag deanamh súgraidh – ag léimnigh thart fa’n áit in a raibh siad.
    Chuaidh Íosa agus Íosap ar A mbealach ‘na bhaile – agus rith an ama, bhí ar Dtíghearna ag meabhrugadh ar A pháis a bhí indán dó, nuair a bheadh sé dul n’ A bhI mar rachadh an t-uan ‘s air an bhúisteóir. Nuair a mhothuigh sé meadhachán an chrainn ar A Ghualainn Naomhtha, smaoitigh sé ar ualach na Croise agus truime ar gcuid bpeacadh a bheadh dhá bhrúghad síos go talamh nuair a béadh sé ag tríall ar Íodhbhairt dheireannach an Chnuic Cálbhaire.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.