Scoil: West Waterford Branch I.N.T.O (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Cois Abha Móire agus Cois Bhríde, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
James Cashman
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0640, Leathanach 27

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0640, Leathanach 27

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: West Waterford Branch I.N.T.O
  2. XML Leathanach 27
  3. XML “Tobar na Glóire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    treorú go Tig na mBocht i Liosmór leis ach ba gan socradh an iarracht san leis.
    Bhí crann fuinnseóige ag fás in aice an tobair fadó agus chuaidh fir chun é do gearradh timceall 60 bliain ó shoin. Thosnuig an crann ag tabhairt fola agus leigeadar ann é. Do thuit sé timceall fiche bliain ó shoin nuair a bhí sé reoite ach níor briseadh fiúach craobh de artuitim dó. Tá sé 'na luighe ó shoin san áit agus níor cailleadh cuid de do réir deallramh, thuit sé. Tá drann fuinnseoige eile san áit anois agus cítear ribíní agus piosaí eadaigh ar crocadh de.
    Is mó duine a théigheann ar thorus ann mar is léir óna ribíní úd, mar fágann gach duine a théigheann ann píosa eadaigh 'na dhiaidh.
    Nuair théigeann duine ar thorus ann ní foláir dul timcheall an tobar trí uaire ag tosnú ar an dtaobh thuaidh agus ag dul leis an lámh eile ar thaobh an tobair. Ní fios cad iad na paidreacha deirtear. Is dócha go bhfuil aon cinn speiseálta ceapaithe cuige.
    Ní fios ar an oiread an bhfuil aon leigheas go leith le fágháil as. Fuair bean, go raibh súile tinn aici leigheas de bharr uaire a thug sí ann.
    Tógann daoine braoinín den uisge leo agus téigheann daoine ar uaire ann fós ach níl aon lá ceapaothe don phobal dul ann. Ní traít ar don patrún a bhaineann leis agus ní raibh riamh.
    Is iad na paidreacha ceadna agus na rudaí ceadna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    James Cashman
    Inscne
    Fireann