Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a ngealughadh ach gur amhlaidh go mbíodh an-chuid fhraoch ag fás sa ngort ann agus gur tughadh "Iubhar" ar Fhraoch san tSean Am.
LIOS an "DRÓN"I bparáiste Leachann ar thaobh chnuich atá Lios a' Dróin. Tá leach mór os cionn uaighthe ann agus tá troighe is ficid san leic sin. Deirtear go bhfuil fatach mór darbh ainm dó "Drón" cuirthe annsin.
CEAPPACHLeath-míle taobh o dheas de Bhaile an Chaisil. Deirtear gur tugadh an t-ainm uirri mar gheall air go raibh talamh mhaith ann a bhíodh leagtha amach le h-aghaidh cuireadoíreachta
LEACHT MHURCHADHAAinm aite timcheall dhá mhíle taobh shiar dheas de Bhaile an Chaisil. Seo é an fáth gur tugadh an t-ainm ar an áit.Bhí fear 'na comhnuidhe ann sa t-sean aimsear agus fiaghadóir a bhí ann. Bhíodh cleasadhachta draodhachta aige. Chonnigheadh sé an snáth an chuid ba mhó ó na mnáibh agus fear ar bith a gheobhfadh an bealach mharbhuigheadh se é. Chuireadh sé é féin i bhfuirm mada allta nó faolchú. Bhí a theach ar thaobh an bhealaigh agus chaithfeadh duine a tharraingt air a' dul treasna na sléibhte. Aoinne a thagadh isteach aige d'innseochadh sé dhóibhte faoi an bhfaolchú agus d'fíafruigheadh sé dhóbtha na neithe (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Bean an Bhurcaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Míceál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo