Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Chaisil B.
- XML Leathanach 581
- XML “Géarleanúint”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sé timceall 300 céad blian ó shoin ó leigheadh Aifreann i dteampall Dún Éinigh. Sé an t-Athair Ó Doncadha an sagart pharáiste a bí ann an uair sin b'é an sagart deirneach a leigheadh Aifreann ann. Annsin cuireadh an ruaig air agus b'eigin dó dul ar a theicheadh ó'n námhad. Rinne muinntir Dún Éinig uaigh dhó faoi talamh ar bárr chnuich Dún Éinigh agus rinne siad cruac mhónadh ós cionn na h-uaighe agus ní raibh fhios ag aos óg na h-áite an raibh sé ins an uaigh acht bhí fhios ag na sean daoine air. Léigh sé trí Aifrinn uair ammáin lá Nodlag i dtrí bparáiste léig sé an chéad Aifrinn san meadon oidhche i dteampall Dún Éinigh agus léig sé an dara Aifreann i bparáiste Cill Chuimin agus léigh sé an tríomadh Aifrinn i bparáiste na h-Achamhadh in Iorrus. Cailleadh é i bparáiste na h-Achamhadh. Bhí muinntir na dtrí bparáiste ar a shocraigh an lá sin agus bí gach dream acha arais in-a náit féin sa tráthnóna.Seo é an chaoi a ndearnadh é. D'fhág muinntir na h-Achamadh a chorp i bparáiste Cill Chuimin agus d'fhág muinntir paráiste Cill Chuimin i bparáiste Dún Éinig é agus diompar muinntir Dún Éinig go Mainistir na Maidhne é agus annsin a h-adlacadh é agus bí muinntir na dtrí paráiste arais in-a bparáiste féin sa trathnóna. Bhí teampall Dun Éinigh bán ar feadh i bfadh. Ní raibh aon sagart ann le Aifreann a rádh ann. Leaghadh an teampall le saigdiúirí "Cromwell." Annsin thug Nocsaidhe an Casileán Raobhaigh na Prodastúnaig isteach cun(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nodlaig Mac Conamara
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Martán Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo