Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó sul a dtáinig ola parafain amach bíodh na daoine ag déanamh coinnlí le geir. Dfágadh sligeán pota agus leagfadh siad ar an dteine é agus chuirfidís cnap geire isteach san t-sligeán agus leamhaidís é leis an teine. Bíodh maola aca agus cuirfidís snaithe olna isteach san mhaola. Bhíodh an snátha sínte ó cheann go ceann ar lár an mhaola. Doirtidís an geir leághtha isteach san mhaola agus dfágadh annsin é go bhuairigh sé. Annsin thugadh amach as an mhaol é agus bhéidh sé in a choinnil acah bhí slighe eile agus chun coinnil a dhéanamh. D'fágadh siad fiagh agus triomuigheadh siad é agus bainidís cuid den (an) crachan dhe agus tomaidís é in im leaghtha na i mblonnaich leaghtha agus bíodh coinnloir admaid déanta aca.
Bhí coinnlóir leaghtha déanta aca de admadh agus bhí og beag sa gcoinnlóir aca le haghaidh le coinnlín a coingéal Bhí slighe eile aca le coinnil a fágháil dfágadh siad sprionnla guimsha ina coine agus nuair a lastaoi é bhíodh solus breagh aca annsin.- Bailitheoir
- Pádhraigh Mach Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo