Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Naomh Pádhraig i bhFaoi-coillDeirtear nuair a tháinig naomh Pádhraig go Fochaill go raibh sé ag siubhal ar an mbóthar lá. Chonnaic sé beirt cailín in aice tobair. Tháinig sé suas in aice leis an dtobar. Mhinigh Pádraig dóbhtha an Creidimh Chríosta.
D'fhiafruigh sé díobhtha arbh mhaith leo a bheith baistigthe. Dubhairt siad gurbh mhaith leo. Bhaistigh sé iad le uisge as an dtobar. Bhí siad go h-an bhuidheach dho. Taréis tamaill d'éirigh siad i mbeirt aingeal suas sa spéir. Tá tobar naomhtha ann go fóill. Teigheann go leór daoine ann ar turas naomhtha.
Deirtear nuair a tháinig Naomh Pádraig isteach i bhFhochaill gur tháinic sé suas in aice na haibhne. Chonnaich sé fear ag iascaireacht ar thóir bhradáin.
Nuair a tháinic Pádhraig in aice leis thug an fear bradán mór isteach as an abhainn. Dubhairt Pádhraig leis an bhfear bradán a thabhairt dhó. Dubhairt an fear leis "fán go gceapfaidh mé ceann eile." D'fhán Pádraig annsin gur cheap an fear an bradán eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo