Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a thug Saírseál agus na h-Éireannaigh cath d'arm Rí Sasanaigh ag Each Druim chuaidh a lán fir as an áit seo le conghnamh a thabhairt dhóíbh. Bhí baile beag i nDún Éinigh ar taobh shiar d'en Roilg agus as an baile seo d'imtigh deicheabhar is dá ficeadh de sgoth na tíre. Ó Tuathail an Sloinneadh a bhí ar cuile fear aca agus do thriall siad ar Each Dhruim. Bhí triúr dearbrathair as teallach amhain orra agus ní raibh fagtha in andiaidh acht a máthair agu í sean, lag agus caitthe. Nuair abhí píosa dhe'n bhealach curtha dhíobh acha dubhradh leis an mhac a b'oíge a filleadh ar ais arí agus a fanacht i gcuideachta a mháthair. D'fill, ach má d'fill níór chuir a mhathair fáilte roimhe. Dubhairt sí leis dá bhfanadh sé nach reoidhteóchadh sí greim le n-ithe dhó go ndunfadh an bás a súile. Ghlan sí as an teach arí é. D'imthigh ach níor tháínig aoine abhaile as an deichneabhair agus dá fhicid.Níl ach teallach amhain dhe na Tuathalleach fagtha in Dún Éinigh anois.
Ainm an duine a d'innis é seo -
Mártan Maoil Fhabhaill,
Dún Éínigh- Bailitheoir
- Máirín Bean an Bhúrcaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mártan Maoil Fhabhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Dún Fhíne Íochtarach, Co. Mhaigh Eo