Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó nuair a bhí na sagairt ar a dteiceadh bhí sagart i bfolach i gCill Baighidhe. Ní raibh fhios ag duine ar bith an áit in a raibh sé i bfolach ach fear amháin. Bhí an fear seo ag tabhairt bídh dhó ar fead cúpla blian. Déireadh sé Aifreann ins an áit gach oidhche Nodlag ar a dó-dheag a chlog.
Nuair a bhí an fear ag éirighe sean bhí fhíos aige nach mbeadh sé ionánn biadh a coingbeál leis an t-sagart níos fuide. Lá amháin d'innis sé an rún dá mhach. Thosuigh seisean ag tabhairt rud le nithe don t-sagart agus do lean sé leis an obair sin ar feadh cúpla mí. Annsin d'éirigh sé tuirseach de'n obair. D'innis sé go gach duine thart na h-áite faoi an sagart. Bhí sin donna go leór gur innis sé Seán O'Maoldomhnaigh. Bhí áthas ar Seán agus tháinig sé go fealltach ar an sagart agus do marbhuigh sé é.- Bailitheoir
- Séamús Ó Mocháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Largan, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Maire Mach Giollarnáth
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Largan, Co. Mhaigh Eo