Scoil: Baile an Chaisil B.

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 524

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 524

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil B.
  2. XML Leathanach 524
  3. XML “Dáithí Bán Ó Gallacubhair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I bparáiste Mágh Ghamhna mhair fear dárbh ainm Dáithí Bán Ó Gallacubhair. Thagadh sé ar cuairt go Ceathramha Chillín agus d'innis sé fhéin an sgéul seo. Dubhairt sé gur i dtús a óige go mbíodh sé ag damhsadh agus ag ól. Bhí comráide aige agus bhí an- chion aca ar a chéile. D'éug a comráide agus bhí an-chumhaidh ar Dáithí in a dhiaidh go ceann i bhfad. Bhí sé ag teacht abhaile oidhche amháin n'éis bháis a chomráideach agus casadh fear dhó ar an mbóthar. Labhair sé leis. Ní fhuair sé aon fhreagra. Shiubhal sé leis go dtáinic sé na thig féin. D'éaluig uaidh annsin agus tháinig eagla mór ar Dháithí. Bhí fhios aige nach fear saoghalta a bhí ann. N'éis sin san oidhche agus san ló d'feicfeadh sé é. Bhì sé ag éirighe caitthe agus an-chaol. agus bhíodh iongnadh ar na daoine nuair a d'feicfeadh siad é. Ar dheireadh chuaidh ag an t-sagart agus d'innis an sgéul dhó. Thug sé uisge cuisreachighthe dhó agus bheannuigh slat agus thug dhó í. Dubhairt sé leis dul amach sa t - sliabh agus compás a ghearradh leis an t-slait agus annsin a raitheadh i lár an fhainneach. D'innis an sagart dhó gur droch-sprid a bhí ann. Dubhairt sé leis a phaidrín a crochadh ar t-slait. Rinne Dáithí mar a dubhairt an sagart leis. Sheas sé i lár
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Bean an Bhúrcaigh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Míceál Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo