Scoil: Baile an Chaisil B.

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 509

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 509

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil B.
  2. XML Leathanach 509
  3. XML “Mártan Torcall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chomhnuidhe Mártan Torcall ar thaobh an chnuic i Leacha Liagha. Fiaghadóir a bhí ann. Bhí garraidhe beug aige le h-ais an tighe. Ní raibh mórán mhaitheasa ins an ngarraidhe amr bhí sé ró ghar dho'n t-sliabh agus do'n fhiór-uisge. Rinne Peadar na mBréag Ó Corcorán amhráin ag moladh an gharraidhe.

    Grádh mo chroidhe thú a Mhairtin
    Is tú a chuirfeadh na prataí
    Tá láidhe agat agus sásta táir sa tír seo
    Tá do shaothar déunta ar thoabh an chnuich go h-árd
    Is na gais ag fás ó's chionn an aoiligh

    Seachtmhain roimh 'Fhéil Brighde
    Bíonn an chuach ag déuamh siamsa
    le feabhas is tá an saothair ann dhá déunamh
    Ta na cnocha (?) dá ndíbirt
    "gus (?) na gcloch ghá gcartadh aníos
    Is nach ann atá an síolta dul i gceafóig

    Ó tiocfadh an tráthnóna
    Ní chluinfeá gunnaí móra
    Ach ag éisteacht le ceol binn na h-eanlaith
    Tá mil ar bhárr craoibhe ann
    Chomh fairsing le Loch Éirne
    IS na mlacha (?) (beacha) déunamh cíosach ann (?) go súgach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Bean an Bhúrcaigh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Míceál Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo