Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- DEALADÓIRSiúinéar a dhéanadh tuirnín lín agus tuirnín olna - (Pádhraic O Coilean)
PREASADÓIRFear ag a mbíodh Pris. Tugtaoí adhbair cuilteacha agus flainín dhó agus dhéunadh sé mín é - (Seán Mac h-Éil, Carraig-an-Eas). Néis teacht ón bhfiaghadóir bhiodh an flainín garbh agus dhéunadh eiseann mín é.
AN PREASComh mór le bord beag agus déunta as iarainn. Bhíodh lámh faoi an mbord. Cuireadh sé an flainín ar bhárr iarainn mar leac agus píosa páipéir idir an t-iarrann agus an flainín. Cuireadh sé píosa eile ós cionn an flainín agus leat iarainn eile ós cionn sin. Casadh sé an lámh agus de réir is a casadh sé bhiodh an flainín á chur amach ar an taobh eile agus é mín sleamhain. Phresáileadh sé bréidín fresin agus ní leigeadh sé isteach aon bhraon.
(TUISEALÓIR) Sistleadóir (?)Thagadh eisean thart le dhá sisteal - ceann mín agus ceann garbh ar túis agus annsin leis an tuiseal mhín. N'éis dul dhó tríd an tuiseal garbh bhiodar sgáth nó bairreach bainte de'n lín. Déantaoí adhbhair cuilteacha agus tochtanna leis an tuiseal garbh - Déantaoí bráithlíní agus léintreacha agus tuáiltí as an anairt. Nuair a chuireadh sé an lín tríd an thuiseal mín bhiodh anairt fágtha,
mar a deurtaoi san amrán"Sisteal garbh is mín a dóirfeadh do bean an tighe,
A ghlanfadh a cuid lín san bhFoghmhair."
RILLEADÓÍRFear a dhéunadh Rilleáin as craiceann na gcaorach. D'fhághádh sé craiceann agus chuireadh sé shíos sa bportach é go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Tuair, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo