Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 75](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0136%2FCBES_0136_75.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 75
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 75
- XML “Caoineadh na dTrí Mhuire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caoineadh na dTrí Mhuire
Nach mithid domsa féin a ghabhail chun tsléibhe ochón agus ochón ó!
Nach mithid domsa féin mo leanbh a éagnach
ochón agus ochón ó!
Casadh Peadar easpal siubhal trí laé liom
ochón agus ochón ó!
A Pheadair easpail tabhair dom faisnéis
ochón agus ochón ó!
Chonnaic mé indé e agus é gabhtha leis an námhaid
ochón agus ochón!
Annsoin leig sí a gruag le fánaidh
Níor fhan sí le'n a cioradh ná le'n a socrú.
Níor airigh sí clocha cruaidh na mbóthar gá gortú go ndeachaidh sí go dtí an áit a raibh an garda ghá socrú
Ochon agus ochón!
An chéad léim a thug sí scoith sí an gárda
An dara leim go Gairdín Pharrtais 7 an triomhadh léim go crann na Páise
Ochón agus Ochón ó!
An é sin mo leanbh a d'iompur me trí ráithe
ochón 7 ochón !
Nó an é sin mo leanbh a rugadh ins a stábla
ochón 7 ochón ó!
Thóg siad suas ar ghuaillibh arda agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Úi Seóighigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo