Caoineadh na dTrí Mhuire Nach mithid domsa féin a ghabhail chun tsléibhe ochón agus ochón ó! Nach mithid domsa féin mo leanbh a éagnach ochón agus ochón ó! Casadh Peadar easpal siubhal trí laé liom ochón agus ochón ó! A Pheadair easpail tabhair dom faisnéis ochón agus ochón ó! Chonnaic mé indé e agus é gabhtha leis an námhaid ochón agus ochón! Annsoin leig sí a gruag le fánaidh Níor fhan sí le'n a cioradh ná le'n a socrú. Níor airigh sí clocha cruaidh na mbóthar gá gortú go ndeachaidh sí go dtí an áit a raibh an garda ghá socrú Ochon agus ochón! An chéad léim a thug sí scoith sí an gárda An dara leim go Gairdín Pharrtais 7 an triomhadh léim go crann na Páise Ochón agus Ochón ó! An é sin mo leanbh a d'iompur me trí ráithe ochón 7 ochón ! Nó an é sin mo leanbh a rugadh ins a stábla ochón 7 ochón ó! Thóg siad suas ar ghuaillibh arda agus
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »