Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Tais an Droichid

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 46

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí oifigeach ón Spáin in Éirinn fadó - mac ríogh d'bhí ann. Marbhuigheadh ann é. Bhí go maith. Bhí sé cupla bliadhain curtha, ach bíodh duine le feiceál chuile oidhche ag suibhal suas agus anuas an droicead ar a marbhuigheadh é, agus in éis tamaill tugadh "tais an droicid" air. Chonnaic go leor daoine é go minic ach ní raibh de mhisneach acu labhairt leis. Maith go leor. Bhí beirt fhear - dearbhráthracha a bhí ionnta - in a gcómhnuidhe in aice na h-áite agus budh é an slighe bheatha a bhí acu ag déanú bróg.
Aon oidhche amháin bhí fear acu ag teacht abhaile ón mbaile mór agus bhí sé go h-an-mhall san oidhche ach nuair a bhi sé ag teacht in aice leis an droichead bhí an tais roimhe ann agus chuir sé ceist air agus d'fiafruigh sé de céard a bhí sé sg déanamh annsoin. "Is maith thú", ars an tais, "d'labhair tú liom agus is iomdha

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Seán Ó Maolfabhail
Inscne
fireann
Aois
56
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge